Motion: Making Strule Shared Education Campus shared spaces welcoming and representative
Council Meeting - 7th July 2026
Fermanagh and Omagh District Council recognises the increased interest in and use of the Irish language right across our District as an integral part of our cultural and linguistic heritage
This Council itself is itself making significant progress through the adoption and progression of a bespoke Irish Language Policy and Strategy.
This Council also recognises the popular appeal of Gaelic Games in this Council area, particularly among school pupils and young people. This Council also recognises the enhanced benefits for young people of all backgrounds when they are provided with the opportunity to participate in Gaelic games.
In line with these commitments, and in order to ensure that our shared spaces are truly welcoming and reflective of the communities they serve, this Council calls for the installation of dual language signage (internal and external) at the Strule Shared Education Campus in Omagh as well as for an adequate provision of GAA pitches to meet community need and the requirements of young people, in particular.
Accordingly, Fermanagh and Omagh District Council will write to the Department of Education informing them of our support, seeking assurances and an update on the issues of dual language signage and GAA pitch provision.
We formally request the installation of dual language signage and adequate GAA pitch provision at the Strule Shared Education Campus in Omagh.
Aithníonn Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí an spéis mhéadaithe sa Ghaeilge agus an úsáid atá á baint aisti ar fud ár gCeantair mar chuid lárnach dár n-oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch.
Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag an Chomhairle féin trí bheartas agus straitéis Ghaeilge saincheaptha a ghlacadh agus a chur chun cinn.
Aithníonn an Chomhairle fosta an tarraingt atá ag cluichí Gaelacha sa cheantar seo, go háirithe i measc daltaí scoile agus daoine óga. Aithníonn an Chomhairle chomh maith na buntáistí breise a bhaineann le deiseanna a thabhairt do dhaoine óga ó gach cúlra páirt a ghlacadh i gcluichí Gaelacha.
De réir na ngealltanas sin, agus lena chinntiú go mbeidh ár spásanna comhroinnte fáilteach agus ag léiriú na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad, iarrann an Chomhairle seo go gcuirfear comharthaíocht dhátheangach (laistigh agus lasmuigh) ar fáil ar Champas Comhroinnte Oideachais na Sruthla ar an Ómaigh, chomh maith le soláthar sásúil de pháirceanna CLG chun freastal ar riachtanais an phobail agus, go háirithe, ar riachtanais daoine óga.
Dá réir sin, scríobhfaidh Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí chuig an Roinn Oideachais chun ár dtacaíocht a chur in iúl agus chun eolas cothrom le dáta a lorg maidir le comharthaíocht dhátheangach agus soláthar páirceanna CLG. Iarraimid go foirmiúil go gcuirfear comharthaíocht dhátheangach agus soláthar sásúil páirceanna CLG ar fáil ar Champas Comhroinnte Oideachais na Sruthla ar an Ómaigh.
Proposed by: Proposed by Councillor McElduff and seconded by Councillor C Kelly