Council launches district-wide programme of Irish Language activities  

4th September 2019

PLEASE NOTE: This article is over 1 year old and may not contain the most up-to-date information.
Ceoltóirí na hÓmaí

Fermanagh and Omagh District Council will unveil its season of Irish language activities in the district in Strule Arts Centre, Omagh on Wednesday 4 September 2019 at an Information Night commencing at 7:30 pm.

The Information Night will take the form of a social evening and as well as the launch of the programme of Irish language events for the coming year, local young traditional musicians will be providing entertainment. Refreshments will also be served at the event.

Wednesday 11 September sees the resumption of Irish language classes and activities in Strule Arts Centre for the coming season. These will run for 12 weeks until Wednesday 27 November 2019.

The popular sean-nós and set dancing class will run from 6pm – 7pm giving participants the opportunity to learn these traditional forms of Irish dancing. The classes are not only a great form of exercise but also are a very enjoyable social activity. All levels are catered for in this class.

Singing in Irish in a group setting takes place between 7pm and 8pm. This is not only a very enjoyable social activity but is also an effective way of learning Irish. It involves learning popular traditional songs in Irish that participants have the opportunity of performing in concerts and events throughout the year as part of singing group Ceoltóirí na hÓmaí.

The Irish language classes in Strule Arts Centre run from 8pm – 9.30pm on Wednesday nights. Beginner, improver and advanced levels are all catered for in these formally structured classes with the emphasis on speaking the language.

Classes can be booked online at www.strulearts.co.uk or by telephone at Strule Arts Centre Box Office on 028 82247831.

Meanwhile, you can kickstart your Irish Language learning with an all-day Irish Language Class for adults at Ederney townhall on Saturday 7 September between 10 am and 4 pm. The class costs just £5 and places can be booked by visiting www.enniskillencastle.co.uk.

A registration night for the weekly adult Irish Language classes at Enniskillen Castle will take place on Thursday 12 September 2019 from 7.30 pm -8.30 pm at the Castle. The 10 week programme commences on Thursday 19 September from 7.30pm -9.30 pm at a cost of £25/ £20 concession. You can also register online at www.enniskillencastle.co.uk.

There will be plenty of opportunities as part of the European Open Heritage Days initiative to experience the Irish Language starting with a film night on Friday 13 September in Enniskillen Castle. This is a free event with 3 Irish Language Short Films shown with subtitles.

On Saturday 14 September there will be a free guided tour through the medium of Irish language highlighting some of the jewels of the Marble Arch Caves UNESCO Global Geopark. Sites being visited include Killykeegan Nature Reserve for a bilingual tour of the site in Irish and English languages, Cavan Burren Park, Blacklion Market House, Hanging Rock, Cladagh Glen for a reading of Fermanagh Folk Tales (with optional nature walk), and a guided tour of Marble Arch Caves. Warm, waterproof clothing and walking boots are essential. Finish time is approximate. Please bring your own packed lunch. Booking is essential. To book visit: www.marblearchcavesgeopark.com

Enjoy outdoor readings in the idyllic setting of Claddagh Glen. Local Writers, Seamas Mac Annaidh & Carlo Gébler, will read a selection of Fermanagh Folk Tales, sometimes with a twist! Saturday 14 September Readings at 1.00 pm and 2.20 pm in the Claddagh Glen, suitable for all the family.

Further information on the classes or any of Fermanagh and Omagh District Council’s upcoming Irish language events is available by contacting Irish Language Officer Kevin Goodwin at kevin.goodwin@fermanaghomagh.com or Fiona Crudden at fiona.crudden@fermanaghomagh.com or by telephoning 0300 303 1777 (local rates apply), text phone 028 8225 6216.

Clár Imeachtaí na Gaeilge Ag Tosnú Arís In Ionad Ealaíne na Sruthaile 

Cuirfear tús in athuair le clár imeachtaí na Gaeilge de chuid Fhear Manach agus na hÓmaí in Ionad Elaíne na Sruthaile, An Ómaigh Dé Céadaoin 4 Meán Fómhair ar 7:30 i.n. le hOíche Eolais. Seolfar Clár na nImeachtaí Gaeilge don bhliain seo romhainn ag an imeacht seo a mbeidh ceol le cloisteáil ó cheoltóirí traidisiúnta óga agus sólaistí ar fáil ag an imeacht seo ar féidir cairdeas a dhéanamh ann.

Dé Céadaoin 11 Meán Fómhair a cuirfear tús leis na ranganna agus imeachtaí don seasúr seo chugainn in Ionad Ealaíne na Sruthaile. Leanfaidh na ranganna seo ar aghaidh ar feadh dhá sheachtain déag go dtí Dé Céadaoin 27 Samhain.

Ón 6 i.n.go dtí 7 i.n. a bheas an rang damhsa sean-nós agus seit ar siúl ina mbíonn seans ag daoine na damhsaí traidisiúnta seo a fhoghlaim. Aclaíocht iontach atá sna damhsaí seo atá ann fosta mar ghníomh shóisialta taitneamhach a thugann faoiseamh don intinn.

Bíonn grúpa amhránaíocht ag dul ar aghaidh idir 7 i.n. agus 8 i.n. Gníomhaíocht taitneamhach eile é seo atá éifeachtach mar shlí chun Gaeilge a fhoghlaim. Foghlaimíonn na rannpháirtithe amhráin traidisiúnta le chéile a mbíonn seans acu a cheol le chéile faoin ainm Ceoltóirí na hÓmaí ag ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile i rith na bliana.

Tugann na ranganna Gaeilge a bhíonn ar siúl idir 8 pm agus 9:30 pm seans do fhoghlaimeoir Gaeilge ag bun, meán agus ard leibhéal feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga. Cuirtear béim sna ranganna struchtúrtha seo ar labhairt na Gaeilge.

Is féidir áit a chur in áirithe do na ranganna seo ar líne ag www.struleartscentre.co.uk nó trí glaoch a chur ar Oifig na dTicéad ag 028 82247831.

I gContae Fhear Manach is féidir tús a chur le foghlaim na Gaeilge ag cúrsa Gaeilge aon lae a bheas ar siúl i Halla A’ Bhaile, Eadarnaigh Dé Sathairn 7 Meán Fómhair idir 10 r.n. agus 4 i.n. £5 an costas ar an chúrsa lae seo ar féidir áit a chur in áirithe dó ag www.enniskillencastle.co.uk

Beidh oíche chlárucháin ar siúl i gCaisleán Inis Ceithleann Déardaoin 12 Meán Fómhair ó 7:30 i.n. – 8:30 i.n. do na ranganna a bheas ar siúl sa Chaisleán ó Déardaoin 19 Meán Fómhair ó 7:30 – 9:30 ar feadh 10 seachtaine. £25 nó £20 lacáiste praghas an chúrsa seo ar féidir clárú dó ar líne ag www.enniskillencastle.com.

Mar pháirt den tionscnamh Laethanta Oidhreachta Oscailte na hEorpa beidh oíche sannánaíochta ar siúl i gCaisleán Inis Ceithleann Dé hAoine 13 Meán Fómhair. Cead isteach saor in aisce chuig an imeacht seo a mbeidh trí ghearrscannán mar phart de.

Dé Sathairn 14 Meán Fómhair beidh turas treoraithe trí mheán na Gaeilge ag aibhsiú cuid de sheoda na nUaimheanna Marmar Áirse. Ní mór áit a chur in áirithe don turas seo ag www.marblearchcavesgeopark.com

Bain sult as léitheoireacht faoin aer ag Gleann A’ Chladaigh leis na scríbhneoirí áitiúla Séamas Mac Annaidh agus Carlo Gébler a léifeas ón chnuasach nua Fermanagh Folk Tales, scéalta iad seo a mbíonn cor aisteach iontu in amanna! Dé Sathairn 14 Meán Fómhair a bheas an t-imeacht seo ar siúl ar a 1:00 i.n. agus arís ar 2:30 i.n. Imeacht é seo atá fóirsteanach don teaghlach ar fad.

Is féidir tuilleadh eolais ar na ranganna nó imeachtaí Gaeilge ar bith de chuid Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí ach dul i dteagmháil leis na hOifigh Ghaeilge Kevin Goodwin ag kevin.goodwin@fermanaghomagh.com nó Fiona Crudden ag Fiona.crudden@fermanaghomagh.com nó trí glaoch gutháin a chur ar 0300 303 1777.