Music Festival in Dromore to Celebrate Champion Lilter

4th July 2018

PLEASE NOTE: This article is over 1 year old and may not contain the most up-to-date information.
Mickey McCann Festival jpeg B (1)

The life and musical heritage of champion lilter Mickey Mc Cann (who died in 1972) will be commemorated at a Mouth Music Festival taking place in Dromore from Friday 20 July to Sunday 22 July.  This inaugural event is being organised and funded by Fermanagh and Omagh District Council in association with the Dromore branch of Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

The festival opens on Friday 20 July at 7:30pm in St Patrick’s Hall, Dromore with a talk by renowned sean-nós singer, musician and broadcaster Meataí Jó Shéamais Ó Fátharta from Connemara who is an authority on the art of lilting.  The talk will be followed by a look back at the life and musical heritage of Mickey Mc Cann through the eyes of Mickey’s son, well known musician and broadcaster Pio McCann and by those who remembered the musical era to which Mickey belonged.

A demonstration of the art of lilting from guest performers accompanied by sean-nós dancers will take place after the talk and an informal session of music, song and dance will finish off the opening night in the Central Bar.

A one-day Irish course will take place in St Dympna’s Primary School from 10 am until 4 pm with a lunch break between 1pm and 2 pm on Saturday 21 July for learners of all abilities, from beginner through to advanced level.  A lilting workshop facilitated by Mattie Joe Shéamais will also take place in St Dympna’s Primary School between 10am and 1pm while sean-nós dancing champion Liam Scanlon will host a workshop at the same time in St Patrick’s Hall.  Places on the one-day Irish course and both workshops cost £5 each.

O’ Connor’s Bar, Dromore is the venue for the Saturday night session commencing at 9 pm.  The festival will be brought to a close on Sunday afternoon with set, céilí and old-time dancing in the Central Bar from 2:30 pm-5 pm with music provided by Áine Nugent and Seamus Mc Donnell.

For Further information on the festival or to reserve a place on any of the workshops or the Irish Language course, please contact Kevin Goodwin by email at kevin.goodwin@fermanaghomagh.com or by telephone on 0300 303 1777 (all calls charged at local rate).

 

Féile Cheoil ar An Droim Mór le Comorradh a Dhéanamh ar Phortaire Béil

Beidh comorradh a dhéanamh ar an phortaire béil iomráiteach Mickey Mc Cann (a bhásaigh sa bhliain 1972) ag Féile Cheoil A’ Bhéil a bheas ar siúl ar An Droim Mór, Co Thír Eoghain idir an Aoine 20 Iúil agus an Domhnach 22 Iúil 2018.   B’as an Droim Mór do Mickey é féin agus is é craobh an pharóiste sin de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i gcomhpháirtíocht le Comhairle Fhear Manach agus na hÓmaí atá ag reáchtáil na féile tionscnaimh seo.

Osclóidh an fhéile oíche Dé hAoine 20 Iúil ar 7:30 le léacht ar an phortaireacht béil a thabharfas an ceoltóir agus iarchraoltóir de chuid Raidió na Gaeltachta Meataí Jó Shéamais Ó Fátharta.  Caithfidh mac le Mickey, Pio Mc Cann siúl siar ar bhóithrín na smaointe ar shaol Mickey le daoine eile a raibh aithne acu air díreach ina dhiaidh sin.

Beidh portaireacht béil le cloisteáil ó aoíanna portaireachta ina dhiaidh sin arís le haoíanna damhsa ar a’ tsean-nós ag déanamh steipeanna lena gcuid ceoil.  Leanfaidh an ceol agus an damhsa ar aghaidh ag seisiún a bheas ar siúl sa tabháirne áitiúil The Central Bar ar 10:00 pm.

Dé Sathairn 21 Iúil beidh cúrsa Gaeilge aon lae ar siúl i mBunscoil Naomh Damhnait d’fhoghlaimeoirí ag bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal ó 10:00 am – 4:00 pm.  Maidin Dé Sathairn beidh ceardlann portaireachta a éascú ag Meaití Jó Shéamais ó 10:00 am – 1:00 pm sa bhunscoil agus ag an am céanna beidh an sárdhamhsóir óg ó Chontae Mhaigh Eo Liam Scanlon ag teagasc stéipeanna ar an tsean-nós i Halla Naomh Pádraig ar an bhaile. Is é £5 an costas d’áit a fháil ag na gceardlanna nó ar an chúrsa Gaeilge.

Beidh seisiún ceoil ar siúl i dtabháirne O’ Connor oíche Dé Sathairn ar a 9:00 agus tabharfar an fhéile chun críche Dé Domhnaigh le damhsa seit, céilí agus seanstíl sa Central Bar ó 2:30 pm – 5:00 pm.  Tuilleadh eolais faoi imeachtaí na féile le fáil ach dul I dteagmháil le kevin.goodwin@fermanaghomagh.com nó glaoch a chur ar    0300 303 1777.