Successful first Irish Language Summer Scheme takes place at Strule Arts Centre

14th July 2021

PLEASE NOTE: This article is over 1 year old and may not contain the most up-to-date information.
Boy 2

Fermanagh and Omagh District Council recently facilitated a three-day Irish language summer school for secondary school students in Strule Arts Centre which was attended by over 20 participants from throughout the district.  This was the first such event organised by the Council in the Fermanagh and Omagh District Council area.

The scheme gave young students of Irish the opportunity to improve their language skills through language classes and cultural activities using music, art, singing, sean-nós dancing, story-telling and nature walks.

The scheme culminated with a traditional céilí which took place in Strule Arts Centre on Friday 9 July 2021 during which the Chair of Fermanagh and Omagh District Council, Councillor Errol Thompson, presented certificates to the students who took part in the scheme.

Speaking to the students, Councillor Thompson said;

“I am sure you all had a fantastic time and you are very fortunate that you were able to combine fun with learning.

The time you have spent engaging in the Irish language and participating in the various cultural activities over the past three days will have increased your knowledge and interest in Irish language and culture and will undoubtedly be of benefit to you when you return to the more formal and structured study of the language in your schools in September.”

Fermanagh and Omagh District Council is currently undertaking a public consultation on its Irish language policy and strategy and it is hoped that such events can be developed and progressed in line with the Council’s future strategy for the Irish language.

 

Éiríonn go maith le Céad Scéim Samhraidh na Gaeilge in Ionad Ealaíne na Sruthaile

Chuir Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí Scéim Samhraidh Gaeilge do scoláirí meánscoile áitiúla ar siúl le déanaí air ar fhreastail breis agus fiche ranpháirtí ó áiteanna éagsúla ar fud an cheantair.  Ba é seo an chéad imeacht den chineáil seo a d’eagraidh an Chomhairle i gCeantar Fhear Manach agus na hÓmaí riamh.

Tríd an scéim seo fuair scoláirí óga na Gaeilge an deis feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga trí ranganna Gaeilge agus gníomhaíochta cultúrtha ar nós ceoil, ealaíne, damhsa ar an sean-nós, amhránaíochta, scéalaíocht agus siúlóidí nádúir.

Tháinig an scéim chun críche le céilí traidisúnta a bhí ar siúl in Ionad Ealaíne na Sruthaile Dé hAoine 9 Iúil 2021 tráth ar bhronn Cathaoirleach na Comhairle an Comhairleoir Errol Thompson teastais ar na scoláirí a bhí páirteach sa scéim.

Agus é ag labhairt leis na scoláirí, dúirt an Comhairleoir Thompson:

“Tá mé Cinnte go raibh am iontach agaibh agus tá an t-ádh libh go raibh an deis agaibh a bheith ag foghlaim ar bhealach spraoiúil.

Tabharfaidh an t-am atá caite agaibh ag foghlaim na Gaeilge agus ag glacadh páirt sna gníomhaíochtaí cultúrtha éagsúla le trí lá anuas spreagadh daoibh leanúint ar aghaidh le foghlaim na Gaeilge agus le spéis a chur sa chultúr Gaelach.  Chomh maith leis sin beidh an méid atá foghlamtha agaibh le trí lá anuas ina chuidiú iontach agaibh agus sibh ag pilleadh ar staidéar na teanga ar bhealach níos foirmeálta agus níos struchtúrtha ar scoil i mí Mheán Fomhair.”

Ta Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí faoi láthair ar a beartas agus straitéis don Ghaeilge agus táthar ag súil gur féidir imeachtaí den chineál seo a fhorbairt agus a chur chun cinn de réir na straitéise sin amach anseo.