Irish Drama Night in Strule Arts Centre

13th May 2019

PLEASE NOTE: This article is over 1 year old and may not contain the most up-to-date information.

The eighth annual Oíche Drámaíochta (Irish Drama Night) in Fermanagh and Omagh District Council’s programme of Irish language events will take place in Strule Arts Centre on Thursday 23 May 2019 at 7:30 pm.

This year’s event will feature short dramas from Gaelscoil na gCrann, An Ómaigh; Bunschoil Cholmcille, An Charraig Mhór; Christian Brothers’ Grammar School, Omagh and local adult drama group Aisteoirí na hÓmaí.

The Oíche Drámaíochta this year is given extra impetus by the recent success of both the local Gaelscoileanna at Irish drama festivals.

Bunscoil Cholmcille took first place in the Féile Dhoire festival held recently in Strule Arts Centre while Gaelscoil na gCrann won the overall winner title at the All-Ireland Schools’ Drama Festival in Mullingar.

This year’s Oíche Drámaíochta will be further enhanced by music, song and dance performances from various other artists.

Tickets costing £5 can be purchased for the Oíche Dramaíochta from the Strule Arts Centre Box Office by phoning 028 8224 7831 or online at www.struleartscentre.co.uk.

For more information on this event or any of Fermanagh and Omagh District Council’s Irish language events please contact Irish Language Officer, Kevin Goodwin by emailing kevin.goodwin@fermanaghomagh.com or telephone Fermanagh and Omagh District Council on 0300 303 1777.

Oíche Drámaíochta in Ionad Ealaíne na Sruthaile

Beidh an t-ochtú Oíche Drámaíochta i gclár na n-imeachtaí Gaeilge de chuid Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí ar siúl in Ionad Ealaíne na Sruthaile Déardaoin 23 Bealtaine ar 7:30 i.n.

Gearr-dhrámaí ó Ghaelscoil na gCrann, An Ómaigh; Bunscoil Cholmcille, An Charraig Mhór; Scoil na mBráithre Críostaí, An Ómaigh agus an grúpa drámaíochta áitiúil do dhaoine fásta, Aisteoirí na hÓmaí, a bheas le feiceáil ar stáitse ag an Oíche Drámaíochta i mbliana.

Ócáid speisialta a bheas ann i mbliana mar gheall ar an dóigh ar éirigh chomh maith sin leis an dá ghaelscoil duaiseanna móra drámaíochta a bhaint amach le déanaí. Bhain Bunscoil Cholmcille an príomh gradam ag Féile Dhoire ar na mallaibh agus bhain Gaelscoil na gCrann an príomh gradam ag Féile Náisiúnta Drámaíochta na Scoileanna a bhí ar siúl ar an Mhuileann gCearr cúpla seachtain ó shin.

Chomh maith leis na drámaí a bheas le feiceáil ar stáitse an oíche sin cuirfidh ceol, damhsa agus amhránaíocht ó ealaiontóirí eile go mór leis an cheiliúradh mór cultúrtha seo. Is féidir ticéid a cheannach ar £5 don imeacht seo ó Oifig na dTicéad ag 028 82247831 nó ar líne ag www.struleartscentre.co.uk.

Tuilleadh eolas faoin Oíche Dramaíochta nó faoi na himeachtaí Gaeilge ar fad de chuid na Comhairle ó Oifigeach na Gaeilge Caoimhín Goodwin ag kevin.goodwin@fermanaghomagh.com nó ag 028 82247831.