Council invites expressions of interest for Seachtain na Gaeilge

18th January 2021

PLEASE NOTE: This article is over 1 year old and may not contain the most up-to-date information.
SnaG Expression of Interest (6) (1)

Fermanagh and Omagh District Council is inviting Expressions of Interest from across the district from community, arts, sports, cultural, heritage, linguistic and other groups and individuals who are keen to take part in this year’s Seachtain na Gaeilge le Energia by organising a local event or activity.

Seachtain na Gaeilge le Energia is an international celebration of the Irish language through arts, culture and creativity.

In celebration of Seachtain na Gaeilge le Energia, which runs annually from 1-17 March, voluntary and community groups, local authorities, schools, libraries, and music, sports, arts and culture organisations deliver Irish language events and activities in their local areas.

The festival provides an opportunity for everyone to enjoy Irish, whether a fluent speaker, a learner or cúpla focal through a programme of entertaining and fun events.

Irish is for everyone, Seachtain na Gaeilge le Energia is for everyone – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!

Seachtain na Gaeilge le Energia 2021 will be different from previous years due to anticipated COVID-19 restrictions. However, it is important to celebrate this event, to support local communities and to contribute towards the wellbeing of and quality of life for residents.

During Seachtain na Gaeilge le Energia 2021, the focus will be on celebrating the Irish Language through local communities, taking a broader approach to the language to include culture, arts and heritage though events oractivities.

This event or activity will celebrate a townland, village, town or community’s culture and might be a performance, demonstration, display of work, mini festival, exhibition, talent competition, open mic night or take many other forms.

This event or activity may be in-person, (subject to the current regulations regarding social distancing and other safety factors) online or a combination of both.

Fermanagh & Omagh District Council will support up to a maximum of 12 events or activities across the district with financial support of £250 per proposal together with assistance with marketing and publicity.

The deadline for submission of Expressions of Interest for this year’s Seachtain na Gaeilge  is 4pm on Thursday 28 January 2021. Applications are available  by clicking on this link.

Preasráiteas Seachtain na Gaeilge

Féile idirnáisiúnta ina gceiliúrtar an Ghaeilge trí na healaíona, tríd an chultúr agus tríd an chruthaitheacht is ea Seachtain na Gaeilge le Energia.

Chun Seachtain na Gaeilge le Energia a chomóradh gach bliain, eagraíonn grúpaí deonacha agus pobail, údaráis áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus eagraíochtaí ceoil, spóirt, ealaíon agus cultúir imeachtaí agus gníomhaíochtaí a eagrú ina gceantar áitiúil ón 1 Márta go dtí an 17 Márta.

Ag an fhéile, faigheann gach duine – idir chainteoirí líofa, fhoghlaimeoirí agus dhaoine a bhfuil cúpla focal acu – an deis chun taitneamh a bhaint as an Ghaeilge trí chlár imeachtaí siamsúla spraíúla.

Is teanga do chách í an Ghaeilge agus is imeacht do chách í Seachtain na Gaeilge le Energia – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!

Beidh Seachtain na Gaeilge le Energia 2021 difriúil i mbliana mar gheall ar na srianta COVID-19 a bhfuiltear ag coinne leo. Tá sé tábhachtach an t-imeacht seo a cheiliúradh go fóill, áfach, chun tacú le pobail áitiúla agus chun rannchuidiú le folláine agus cáilíocht na beatha a fheabhsú do chónaitheoirí.

Le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021, díreoidh muid ar an Ghaeilge a cheiliúradh trí phobail áitiúla, agus cur chuige leathan á ghlacadh againn i leith na teanga chun go gcuimseoidh sí an cultúr, na healaíona agus an oidhreacht.   Ba mhaith linn Léirithe Spéise a fháil ó ghrúpaí agus daoine aonair sa cheantar a bhfuil spéis acu in imeacht nó gníomhaíocht áitiúil a eagrú do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Áirítear leis na grúpaí sin grúpaí pobail, ealaíon, spóirt, cultúir, oidhreachta agus teanga, i measc grúpaí eile.

San imeacht nó sa ghníomhaíocht a eagrófar, ceiliúrfar cultúr an bhaile fearainn, an tsráidbhaile, an bhaile nó an phobail áitiúil. D’fhéadfaí an ceiliúradh a dhéanamh sna foirmeacha seo a leanas, i measc cuid mhór foirmeacha eile: taibhiú, taispeántas, taispeántas saothar, mionfhéile, comórtas tallainne agus oíche micreafóin oscailte.

Féadfar an t-imeacht nó an ghníomhaíocht a dhéanamh i bpearsa (faoi réir na rialachán reatha maidir le scaradh sóisialta agus faoi réir aon tosca sábháilteachta eile) nó ar líne nó i bpearsa agus ar líne araon.

Measann Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí go dtacóidh sí le 12 cheann d’imeachtaí nó de ghníomhaíochtaí ar fud an cheantair. Tabharfaidh sí £250 agus cúnamh margaíochta agus poiblíochta do gach togra.

Is é 4pm an Déardaoin an 28 Eanáir 2021 an spriocdháta le haghaidh Léiriú Spéise i Seachtain na Gaeilge i mbliana a chur isteach. Is féidir leat iarratas a chur isteach ar www.fermanaghomagh.com