Children Have a Ball at Primary Schools’ Céilí organised by Fermanagh and Omagh District Council

14th December 2021

PLEASE NOTE: This article is over 1 year old and may not contain the most up-to-date information.

Children from four Primary Schools in Fermanagh came together in the Cathedral Hall, Enniskillen last Thursday to take part in a Céilí organised by Fermanagh and Omagh District Council as part of the Irish language and Primary Schools’ Céilí Project. The project is part of the Council’s annual programme of events to preserve and promote Irish language and culture.

The initiative comprised of an eight-week preparation programme in which six primary schools participated: St Patrick’s, Mullnaskea; St John the Baptist, Rosscor; St Columban’s, Belcoo; St Patrick’s Derrygonnelly; St Mary’s, Brookeborough and St Joseph’s, Donagh.

During the preparatory period the children involved learned a number of traditional céilí dances, songs in Irish and stories from Irish mythology that were performed at the concluding Céilí event.

This year was the sixth annual event of its kind organised by Fermanagh and Omagh District Council and music for the Céilí was played by two giants of traditional music in Fermanagh, Jim McGrath on accordion and Pat McManus on fiddle.

 

An-spórt ag na Páistí a Ghlac Páirt i Céilí na mBunscoileanna 

Páistí ó cheithre bhunscoil i bhFear Manach a bhí páirteach i gCéilí a d’eagraigh Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí i Halla na hArdeaglaise, Inis Ceithleann Déardaoin seo caite. Imeacht bliaintiúil é seo de chuid na Comhairle chun an Ghaeilge agus an cultúr gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Clár ocht seachtaine a bhí i gceist sa tionscadal seo a raibh sé scoil páirteach ann: Scoil Phádraig, Mullach na Sceithe, Soil Eoin Báistí, Ros Corr: Scoil Cholumba, Béal Cú; Scoil Phádraig, Doire Ó gConnaile; Scoil Naomh Mhuire, Achadh an Lon agus Scoil Sheosaimh, Domnach.

Le linn na tréimhse ullmhucháin d’fhoghlaim na páistí a bhí páirteach ann roinnt damhsaí traidisiúnta céilí, amhrán i nGaeilge agus scéalta ó mhiotaiseolaíocht na hÉireann. Thaispeáin na páistí ansin an méid a d’fhoghlaim siad ag an chéilí le ballchríoch a chur ar an tionscadal ar fad.

Seo an séú céilí den chineál seo a chuir an Chomhairle ar bun. Sheinn na ceoltóirí iontacha ó Fhear Manach, Jim McGrath ar an bhosca ceoil agus Pat MacManais ar an fhidil, ceol don chéilí.